14/07/2022
Fógra / Notice
Is le croí trom a fhograíonn muid, mar gheall ar chúraimí oibre eile, go bhfuil muid ag cur deireadh lenár seirbhis tórraimh. Ba ónóir agus pléisiúr a bhí ann dúinn, a bheith ag obair in earnáil na hadhlacóireachta agus ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a chur in iúl do na teaghlaigh uilig a chur a múinín ionainn, le tabhairt faoi shocruithe tórraimh a ndaoine muinteartha, go soilsí an síorsholas orthu uilig.
Ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil le Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, An Sagart Pádraig Ó Baoighill as a chuidiú agus a thacaíocht uilig thar na mblianta. Buíochas mór chomh maith leis an Athair Brian Ó Fearraigh, An tAthair Nigel Ó Gallachóir, An Canónach Mícheál Ó hOireachtaigh, An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easbuig agus An tAthair Seán Ó Gallchóir as a gcomhoibriú agus cineáltas ag cur socruithe tórraimh i gcionn a chéile. Buíochas faoi leith fosta le Tommy Mc Ginty ó Theach Tórraimh Leitir Ceanainn as a chomhoibriú agus ar ndóighe, iad sin a thóg spáid le leabaidh buan a ullmhú dóibh siúd faoi chlár.
Le mórmheas agus buíochas i gcónaí, Adhlacóirí Mhic Giolla Asbuic
+++
It is with a heavy heart, due to other work commitments, that we announce the ending of our funeral service. It has been an honour and a privilege to serve families in Gaoth Dobhair, The Rosses and West Donegal as a whole. We would like to thank all those families who placed their faith in us, to look after their loved ones funeral arrangements.
We would like to thank in particular, An Sagart Pádraig Ó Baoighill, Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair for all the advice and help down the years as well as; An tAthair Brian Ó Fearraigh, An tAthair Nigel Ó Gallachóir, Canon Michael Herrity, Monsignor Kevin Gillespie and Fr Seán Ó Gallchóir for their kindness and co-operation in arranging funeral masses. Special thanks to Tommy McGinty, Embalming Services in Letterkenny for his professionalism and co-operation. Thanks also to all the gravediggers for always showing extreme care and commitment to duty.
Le mórmheas agus buíochas i gcónaí, Gillespie Funeral Directors